Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte

Bíonn Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann ar oscailt an bhliain ar fad, ach amháin Lá Nollag.
Luan – Aoine: 8am – titim na hoíche.
Satharn – Domhnach: 9.30am – titim na hoíche.
Chun an t-am dúnta beacht ar aon lá faoi leith a fháil, téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Suíomh

Tá slí isteach go dtí na gairdíní ó Bhóthar Choinn Colbaird agus ó cheann Pháirc an Fhionnuisce den Chuarbhóthar Theas.

Taisteal

Déanann Bus 51, Bus 68 agus Bus 69 ó Ché Aston freastal ar an gceantar. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath. Tá páirceáil ar fáil ó shlí isteach an Chuarbhóthair Theas.

War Memorial Gardens

Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.

Turais

Is féidir cuairt a thabhairt ar na seomraí leabhar agus ar na nithe atá ar taispeáint taobh istigh ach dul i dteagmháil linn roimh do chuairt.

Cuairt

Idir uair an chloig amháin agus dhá uair an chloig an meánfhad a mhaireann cuairt ar an reilig.

Cead Isteach

Tá saorchead isteach sna gairdíní.

Grianghraif

Tá cead agat grianghraif a thógáil agus físeáin a dhéanamh; téigh i dteagmháil linn chun cead a fháil grianghrafadóireacht tráchtála a dhéanamh.

Íoslódáil

Conair shiúil ar na Gairdíní, bunaithe ar an gCéad Chogadh Domhanda

Íoslódáil

Cód Iompair d’Úinéirí Madra

Sa Cheantar Freisin

Príosún Chill Mhaighneann

Fad slí: 850m.

Tá sé seo ar cheann de na príosúin gan chónaí is mó san Eoraip agus tá dlúthbhaint aige le cuid de na heachtraí ba laochta agus ba thragóidí de theacht chun cinn na hÉireann mar náisiún nua-aimseartha ó na 1780idí go dtí na 1920idí.

An tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann

Fad slí: 2km

B’fhiú féachaint ar Acra an Bhulaí go mór mór, reilig a bhfuil stair míle bliain ag baint léi.

Páirc an Fhionnuisce

Fad slí: 2km.

Ceann de na páirceanna cathrach daingne is mó san Eoraip.

Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin

Fad slí: 3.9km.

Tá coirp na gcéadta duine a fuair bás sa Chogadh Mór sa reilig seo, chomh maith le daoine a fuair bás i gcaitheamh sheachtain na Cásca in 1916 agus i gCogadh Saoirse na hÉireann.