Bailiúchán
Tá bailiúchán earraí a bhaineann leis an dá Chogadh Dhomhanda le fáil sna seomraí leabhar i nGairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann.
Tá béim ar leith ar an gCéad Chogadh Domhanda. Cuirtear roinnt buaicphointí i láthair thíos. Is féidir féachaint ar an mbailiúchán iomlán ach cuairt a thabhairt ar na seomraí leabhar nó dul i dteagmháil linn. Is é Ronald J. Marino, Esq., LLCM, Iontaobhaí de chuid Chuimhneachán Cogaidh na hÉireann 1994-2002, a bhailigh na hearraí cuimhneacháin míleata, a rinne taighde orthu agus a chuir ar taispeáint iad.
The Ypres Alphabet, le C. M. Truman agus J. Leslie (1917)
Íoslódáil an leabhar iomlán anseo.
Is sa Bheilg atá Ypres agus is ann a bhí cúig chath fhada idir na Gearmánaigh agus Fórsaí na Comhghuaillíochta i gcaitheamh an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Liostáil an 2ú Maorleifteanant J. Leslie agus an Maor-Leifteanantchoirnéal C.M. Truman sa 12ú reisimint mharcra de na Royal Lancers sa bhliain 1914, an chéad bhliain den chogadh. Bronnadh gradam fiúntais ar an mbeirt agus bhí Orduithe Ard-Seirbhíse acu, agus bronnadh an Chros Mhíleata ar Leslie freisin.
Scríobhadh The Ypres Alphabet idir 1915 agus 1917 agus níor cuireadh mórán cóipeanna i gcló. Tá sé thar a bheith deacair teacht ar chóip den leabhar sa lá atá inniu ann. Baineadh úsáid as cioglaistíleáil agus í á foilsiú, modh chun macasamhail a dhéanamh d’ábhar lámhtharraingthe le roth beag a bhfuil fiacla air chun stionsal a dhéanamh. Is ar na leathanaigh ar thaobh na láimhe deise (recto) amháin atá an cló.
- Cead Saoire
- Cárta Nollag
- Dialann
- Clogad
- Litir maidir le hAdhlacadh
- Grianghraf ón bhFrainc
- Bosca Bronntanais
- Pingin Bháis
- Cárta Poist
- Spúnóg
- Uaireadóir
- Teastas
- Salann
- Clogad Trópaiceach
- Strapaí
- Buidéal
- Grianghraf ó Chill Airne
- Litir faoi Ghortú
Cead saoire.
Cárta Nollag de chuid an 16ú Rannán Éireannach. 1917.
Dialann 1918 Jim Sweeney, Caisleán Cnucha.
Clogad cruach de chuid na Breataine. An 108ú Briogáid, 36ú Rannán Uladh.
Litir ina ndéantar fiosrú faoi adhlacadh.
An Captaen John Gordon, Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, sna trinsí sa Fhrainc, 1916.
Bosca bronntanais na Banríona Máire leis an gcárta a bhí istigh ann.
Pingin Bháis James Devaney.
Cárta poist de chuid na seirbhíse machaire.
Spúnóg Infhillte – Gearmánach. Fuarthas i dtrinse í i ndiaidh an chogaidh.
Uaireadóir eisiúna d’oifigigh airtléire.
Teastas cuimhneacháin de chuid Fhiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath.
Ceanastar salainn agus piobair oifigigh.
Clogad trópaiceach.
Péire strapaí gualainne ó chóta mór. Cór Liachta an Airm Ríoga, 1914.
Buidéal uisce.
Grúpa i gCill Airne sa bhliain 1915.
Litir faoi ghortú i mbun seirbhíse.
Read more about the history of the Gardens.
Find out why there is such a large collection of items relating to both World Wars housed here.