Cliceáil ar íomhá ar bith chun í a fheiceáil i bhformáid níos mó agus taispeántas sleamhnán a oscailt.
Tá cóipcheart ag na húinéirí ar na híomhánna ar fad mura ndeirtear a mhalairt.
Tiocfaidh tú ar íomhánna stairiúla ach scrollú síos.
Cuairteoirí ag léamh a bhfuil greanta ar an mballa cuimhneacháin sa Reilig. Preasoifig Óglaigh na hÉireann.
Searmanas cuimhneacháin bliantúil Óglaigh na hÉireann ag Cnoc an Arbhair. Preasoifig Óglaigh na hÉireann.
Radharc ar na ceapacha bláthanna ag reilig agus balla cuimhneacháin Chnoc an Arbhair, ceapacha a dtugtar togha na haire dóibh. Preasoifig Óglaigh na hÉireann.
Eaglais an Chroí Rónaofa. Tá Óglaigh na hÉireann i bhfeighil uirthi anois. OOP.
Tá a n-ainmneacha siúd a cuireadh i mí na Bealtaine 1916 inscríofa ar cholbha an phlásáin. OOP.
Cuid den phlandáil a dhéanann Oifig na nOibreacha Poiblí ag Cnoc an Arbhair. OOP.
Radharc as taobh thiar den chur ag Cnoc an Arbhair. OOP.
Liosta inscríofa i gcloch díobh siúd atá curtha sa phlásán ag Cnoc an Arbhair. OOP.
Radharc leathan ar an reilig ag Cnoc an Arbhair. Tá an balla cuar scáileáin le feiceáil agus focail an Fhorógra greanta air. Aonad Grianghrafadóireachta na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta.
Radharc tírdhreacha ar Chnoc an Arbhair. OOP.
Radharc ar an gcuid Bhéarla den bhalla scáileáin ag Cnoc an Arbhair. OOP.
Páistí ag leagan lilí ag Cuimhneachán Fhianna Fáil ar Éirí Amach na Cásca 1916, ag Cnoc an Arbhair i mí Aibreáin 2011. Grianghraf: Eric Luke. The Irish Times.
An balla scáileáin taobh thiar den fhaiche ag Cnoc an Arbhair. OOP.
Cuid den chur a dhéanann Oifig na nOibreacha Poiblí ag Cnoc an Arbhair. OOP.
Radharc i dtreo na hEaglaise ag Cnoc an Arbhair. OOP.
Tá a n-ainmneacha siúd atá curtha sa phlásán ag Cnoc an Arbhair inscríofa ar an imeall cloiche. OOP.
Cuid de na huaigheanna níos sine ag Reilig Chnoc an Arbhair. OOP.
An Taoiseach ag an am, Bertie Ahern, ar thailte Chnoc an Arbhair le haghaidh Shearmanas Cuimhneacháin 1916, i mí na Bealtaine 2001. Grianghraf: Bryan O’Brien. The Irish Times.
Ísliú na brataí náisiúnta i gcaitheamh chuimhneachán bliantúil Fhianna Fáil ar Éirí Amach na Cásca 1916 ag Cnoc an Arbhair, i mí Aibreáin 2013. Grianghraf: Cyril Byrne. The Irish Times.
Clocha cinn níos sine leagtha i gcoinne an bhalla ag Reilig Chnoc an Arbhair. OOP.
Líníochtaí luatha de na foirgnimh le haghaidh shuíomh Chnoc an Arbhair. Le caoinchead ó rannóg na Léarscáileanna, na bPleananna agus na Líníochtaí den Chartlann Mhíleata (mír IE/MA/MPD/AD119378-002).
Ag Cnoc an Arbhair, Baile Átha Cliath, an 29 Meitheamh 1963, léigh an tUachtarán Kennedy cuid de na hainmneacha atá inscríofa i gcloch. Ar thaobh na láimhe clé den Uachtarán tá an Leifteanant-Ghinearál Seán McKeown, Ceann Foirne, agus taobh thiar de tá an tUasal Seán Lemass agus an tUasal Frank Aiken. The Irish Times.
Scrúdaíonn an tUachtarán Éamon de Valera na trúpaí ag comóradh cothrom caoga bliain ag Cnoc an Arbhair sa bhliain 1966. Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.