Gailearaí
Cliceáil ar íomhá ar bith chun í a fheiceáil i bhformáid níos mó agus taispeántas sleamhnán a oscailt.
Tá cóipcheart ag na húinéirí ar na híomhánna ar fad mura ndeirtear a mhalairt.
Tiocfaidh tú ar íomhánna stairiúla ach scrollú síos.
- Is iomaí duine atá ag obair nó ina chónaí gar don Ghairdín a théann ann chun a scíth a ligean nuair atá an aimsir go deas. Aonad Grianghrafadóireachta na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta.
- Cuimhneachán ar Sheachtain na Cásca 1916. Siobhán Farrelly a thóg an grianghraf. Le caoinchead ó Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath (Pictiúr ó Bhailiúchán Chearnóg Parnell).
- Radharc leathan ar an nGairdín a chuimsíonn gairneoireacht, gné an uisce shlogtha, agus an dealbh mhór. Aonad Grianghrafadóireachta na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta.
- Dealbh Chlann Lir agus bratach na hÉireann taobh thiar di. OOP.
- Trumpa Loch na Séad agus cruit Choláiste na Tríonóide (cruit Bhriain Bóramha) sna ráillí ag an nGairdín. OOP.
- An fhaiche, an linn, agus na céimeanna go dtí dealbh Kelly. OOP.
- An tUachtarán Higgins ag freastal ar an Searmanas Stáit sa Ghairdín Cuimhneacháin an 4 Samhain 2013 chun Comóradh Céad Bliain bhunú Óglaigh na hÉireann a cheiliúradh. Ba é an tUachtarán Higgins a bhí i gceannas ar an Searmanas agus bhí an Taoiseach Enda Kenny T.D. agus baill eile den Rialtas i láthair. Ghlac níos mó ná trí chéad ball d’Óglaigh na hÉireann páirt sa Searmanas. Grianghraf: Alan Betson. The Irish Times.
- Séadchomhartha lena ndéantar ceiliúradh ar bhunú Óglaigh na hÉireann ag Rotunda Rink. OOP.
- Tarraingíonn an dealbh seo ar fhinscéal Chlann Lir, a d’fhulaing ar feadh 900 bliain ar deoraíocht. Aonad Grianghrafadóireachta na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta.
- An dán Gaeilge atá inscríofa ar an mballa cloiche. OOP.
- Na Gairdíní Pléisiúir taobh thiar den Ospidéal Luí Seoil (Ospidéal an Rotunda anois). Bhí siad ar an suíomh ar a bhfuil an Gairdín Cuimhneacháin anois. Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath.
- Is dócha gur thóg Robert French an íomhá seo de chúl an Rotunda (an Gairdín Cuimhneacháin atá ann anois) thart ar an mbliain 1900. Is cuid de Chnuasach Lawrence í an íomha seo. Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.
- An dealbhóir Éireannach Oisín Kelly (1971). © Leabharlann Stadán RTÉ.
- Oscailt agus Beannú an Ghairdín Cuimhneacháin ar chomóradh caoga bliain Éirí Amach na Cásca 1916. Cartlann Grianghraf na hÉireann – www.irishphotoarchive.ie