Gailearaí
Cliceáil ar íomhá ar bith chun taispeántas sleamhnán a oscailt.
Tá cóipcheart ag na húinéirí ar na híomhánna ar fad mura ndeirtear a mhalairt.
Tiocfaidh tú ar íomhánna stairiúla ach scrollú síos.
- Tá dhá sheomra leabhar eibhir ar imeall ghairdín na rósanna. Aonad Grianghrafadóireachta na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta.
- Glacann buíon d’iarbhaill na bhfórsaí armtha páirt i searmanas cuimhneacháin. OOP
- Radharc ar ghairdín na rósanna, agus seomra leabhar le feiceáil ar dheis. OOP.
- Grianghraf gar-amhairc de chuid de na rósanna sa ghairdín slogtha. OOP.
- An Bhanríon Eilís II agus an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa ag leagan fleasc sa bhliain 2011. OOP.
- Radharc ar na Gairdíní ón aer. Aonad Grianghrafadóireachta na Seirbhíse Séadchomharthaí Náisiúnta.
- Radharc ar na Gairdíní ón taobh thall den Life. OOP.
- Ceann de na rósanna sa ghairdín slogtha ag Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. OOP.
- Scríofa ar urlár an teampaill tá línte ón dara soinéad cogaidh de chuid Rupert Brooke, ‘Safety’. OOP.
- Bailithe sa spás taispeántais taobh istigh de na seomraí leabhar tá nithe a bhaineann leis an gCogadh Mór. OOP.
- An Bhanríon Eilís II, an tUachtarán Máire Mhic Ghiolla Íosa, agus an Maor-Ghinearál David O’Morchoe, Cathaoirleach Léigiún Ríoga Briotanach na hÉireann. OOP.
- Gairdíní Cuimhneacháin an Chogaidh, Cathair Bhaile Átha Cliath, Éire
- Rósanna Nathalie Nypels ag Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. OOP.
- Crann silíní agus an spéir mar chúlra ag na Gairdíní. OOP.
- Scairdeán os comhair an tséadchomhartha ag Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. OOP.
- Tá Cros adhmaid Ginchy ar taispeáint taobh istigh de cheann de na seomraí leabhar i nGairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. OOP.
- Idir na seomraí leabhar tá an séadchomhartha atá cosúil le coinneal. OOP.
- Déanann na ceithre sheomra leabhar eibhir ionadaíocht ar cheithre chúige na hÉireann. OOP.
- Romneya Coulteri, Ciumhsóg Bhláthanna Ghairdíní Cuimhneacháin an Chogaidh. OOP
- Leathanach ó Ireland’s Memorial Records agus léaráidí le Harry Clarke ar na himill. OOP.
- Leathanach teidil imleabhar 2 de Ireland’s Memorial Records, ar taispeáint sna Seomraí Leabhar. OOP.
- Ceann de na póstaeir atá ar taispeáint i Seomraí Leabhar na nGairdíní. OOP.
- An Chros Mhór, le géaga ciorraithe, ar bharr staighre de chéimeanna eibhir. OOP.
- Ar bhonn an Teampaill Chruinneachánaigh cois Life tá plaic ar a bhfuil línte ó Rupert Brooke. OOP.
- Gairdín slogtha na rósanna ag Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. Tá rósanna Nathalie Nypels le feiceáil anseo. OOP.
- Póstaeir ón bhfeachtas cogaidh atá ar taispeáint sna Seomraí Leabhar ag na Gairdíní. OOP.
- Gairdíní Cuimhneacháin an Chogaidh. OOP.
- Ciumhsóga bláthanna de Allium Gorm agus Lúipín Dearg. OOP.
- An tUasal Jack Johnston i gcaitheamh an tsearmanais leagtha fleasc ag cuimhneachán Léigiún Ríoga Briotanach na hÉireann ar chothrom 60 bliain D-Day ag Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann, Droichead na hInse, i mí an Mheithimh 2004. Grianghraf: Cyril Byrne. The Irish Times.
- Aibhinne crann go dtí an teampall i nGairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. Julie Matkin.
- Geoffrey Medcalf MBE, iarbhall den RAF, agus Leas-Uachtarán Léigiún Ríoga Briotanach na hÉireann, Ian Lyon, iarbhall de 2ú Reisimint Ríoga na dTancanna, Frank Robinson MBE, iar-Gharda Éireannach agus Cathaoirleach ar Léigiún Ríoga Briotanach na hÉireann, agus an Maor-Ghinearál (ar scor) The O’Morchoe, Uachtarán Léigiún Ríoga Briotanach na hÉireann, ag leagan leabhair na marbh ar an Leacht Cuimhneacháin ag Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann, Droichead na hInse, i gcomhair Chuimhneachán Chath an Somme Dé Sathairn an 1 Iúil, 2006. Grianghraf: Alan Betson. The Irish Times.
- Crann silíní Prunus Kanzan ag Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. OOP.
- Sa bhliain 1930, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí Sir Edwin Lutyens chun dearadh don ghairdín cuimhneacháin a chur ar fáil.
- Cárta poist stairiúil ar a dtaispeántar na Gairdíní. OOP.
- Íomhá stairiúil de na Gairdíní. OOP.