Oifig na nOibreacha Poiblí

Suíomhanna Cuimhneacháin Bhaile Átha Cliath

Sna deich mbliana seo de Chuimhneacháin Céad Bliain, cuimhnítear ar chuid de na himeachtaí ba shuntasaí i stair na hÉireann agus i stair an domhain.

Bainistíonn agus oibríonn Oifig na nOibreacha Poiblí, thar ceann mhuintir na hÉireann, suíomhanna a choinníonn beo na cuimhní orthu siúd a fuair bás i gcoimhlintí 1912–1922/3. Is i mBaile Átha Cliath atá ceithre cinn acu sin: Reilig Chnoc an Arbhair, an Gairdín Cuimhneacháin, Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin agus Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. Tá cead isteach ag an bpobal iontu agus bíonn deis ag daoine a machnamh a dhéanamh. Bain úsáid as na naisc chuig na suíomhanna chun níos mó a fháil amach faoina stair, faoina dtírdhreach agus faoina ndearadh, chomh maith le saoráidí, uaireanta oscailte agus sonraí teagmhála.

 

Reilig Chnoc an Arbhair

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann

Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin

An Gairdín Cuimhneacháin

Tá foscríbhinní iomlána agus eolas a bhaineann le cóipcheart do na híomhánna ar fad le fáil sna Gailearaithe. Más mian leat úsáid a bhaint as aon cheann de na híomhánna ar an suíomh gréasáin seo, téigh i dteagmháil linn le do thoil.

Aon naisc ar an suíomh gréasáin seo chuig ábhar seachtrach, tá siad ann chun críocha tagartha agus ní chuireann siad in iúl go n-aontaímid lena bhfuil iontu.